T-REX

T-REX
Bí ag Caint

Tuesday, May 27, 2014

Géibheann le Caitlín Maude

Géibheann le Caitlín Maude

Seo léarscáil intinne a chruthaigh mé. Insíonn sé an scéal faoin leon atá i ngéibheann sa Zú.


Seo mé féin ag canadh Purple Haze le Jimmy Hendrix leis an dán Géibheann !!!

Fís beag anseo faoi téama an dáin agus na mothúchain go léir atá istigh sa dan.

Ha !!! Breathnaigh ar seo. Fear ag déanamh aithrise ar an bhfilíocht leis an leon. N'fheadar cé hé an leaid seo. Caithfidh go bhfuil sé craiceáilte !!!!

 Gaeilge Nocht ar Raidió na Life 106.4FM
Seo chugainn T-Rex Ó Saurus leis an gclár spraíúil nua ‘Gaeilge Nocht’. An bhfuil sibh réidh dul taobh amuigh den bhosca, den chiorcal nó fiú den domhan ar thuras fíor-chorraitheach agus dainséireach go dtí an plainéad Gnarl ar Raidió na Life 106.4FM? 

Beidh T-Rex agus a chara Liamo ag déanamh dianscrúdú ar an gcúrsa Gaeilge Ardteistiméireachta ar an gclár agus beidh siad ag tabhairt treorach agus cabhrach daoibh teip, pas – nó fiú onóir – a fháil sa Ghaeilge. Beidh filíocht agus prós na hArdteistiméireachta á bplé chomh maith leis an scrúdú cainte, scéalta, ríomhphoist agus go leor eile atá ar an gcúrsa. Tagaigí ar bord linn agus rachaimid chuig an bplainéad GnarL agus tar éis aistear fada chuig an bplainéad sin tá súil againn go mbeidh sibh oillte scrúdú na hArdteistiméireachta a dhéanamh le muinín. Agus cuimhnígí, is maith é an ceann scríbe ach is fearr ná san an t-aistear! 

San eagrán seo, Géibheann, Sraith Pictiúr 1 agus go leor eile.

http://www.mixcloud.com/raidionalife/nocht-ar-an-raidio-clar-1/



Monday, May 26, 2014

Colscaradh le Pádraig McSuibhne

Colscaradh le Pádraig MacSuibhne
Ceapaim féin go mbeidh an dán seo ar an bpáipéar i mbliana(G.L)
Is aoibhinn liom Gun and Roses.agus mar sin chan mé an t-amhrán Don't you Cry leis an dán Colscaradh. 
Can amach liom !!!!!


T-REX Ó Saurus: Oisín i dTír na nÓg

T-REX Ó Saurus: Oisín i dTír na nÓg: Seans an mhaith go mbeidh an scéal seo ar an Ardteist i mbliana. Seo rap a scríobh mé faoi Oisín i dTír na nÓg agus céard a tharla dó. O...

Oisín i dTír na nÓg

Seans an mhaith go mbeidh an scéal seo ar an Ardteist i mbliana. Seo rap a scríobh mé faoi Oisín i dTír na nÓg agus céard a tharla dó.

Oisín i dTír na n-Óg

Ar chapall bán 
Tháinig sí i dtír 
Coróin ar a ceann
Bhí sin fíor

Bean fíor álainn
Niamh Chinn Óir
Chuir sí faoi gheasa é
Oisín a stór

Is tú mo rogha
Thar mhná an domhain
Go Tír na nÓg
Chuaigh sé le fonn

Ard láidir cróga
Ag troid gan stró
Cé a bhí i ngéibheann 
Ach Iníon Rí Beo

Phós siad a chéile 
Le grá is cion
Triúr pháiste acu
Oscar Plúr na mBan is Fionn

Bheartaigh Oisín filleadh
Ar Éirinn arís
Folús ina chroí
A athair Fionn mar fhís

I nGleann na Smól
Trí chéad fear
A fhios ag Oisín 
Go raibh rud éigean cearr

Fionn 's na Fianna
Ní raibh siad beo
Oisín an-bhrónach
Iad caillte go deo

Cúrfá
Oisín bocht i dTír na nÓg
Niamh Chinn Óir gan a stór
Oisín bocht i dTír na nÓg
Niamh Chinn Óir gan a stór

Luigh sé anonn
Ar a chliathán deas
D'ardaigh sé an leac
Le cumhacht is meas

Shleamhnaigh Oisín bocht
Thit sé de gheit
Sean is dall
Ní raibh seans aige

Ag siúl le Naomh Pádraig
Go deireadh an lae
Ag éisteacht go cruinn
Le soiscéal Dé

A chroí briste
Pian ina chliabh
Ní fhaca sé arís í 
A ghrá gheal Niamh

I dTír na nÓg
Muid le chéile arís
I dTír na nÓg
Bheinn ar bís

Niamh óg álainn
Le gruaig bhuí
Thabharfainn gach rud di
Mo ghrá is mo chroí
Seo fís a rinne mé leis na leaids sa rang.. Is maith liom an fís seo agus tá an ceol an chumhachtach ar fad. Breathnaigh ar. 

An Gnáthrud le Déirdre Ní Ghrianna

An Gnáthrud le Déirdre Ní Ghrianna

Ceapaim go mbeidh an scéal seo ar an Ardteist i mbliana (Gnathleibhéal). Seo léarscail intinne a rinne mé sa 
rang. Tá súil agam go dtabharfaidh sé cabhair duit. 
Ar chuala sibh mo rap?
Seo fís eile a rinne mé. Is scéal an-bhrónach é caithfidh mé a rá.

Déan an Rexy Rac

https://www.youtube.com/watch?v=4meETSigy9o&list=UUrxyJSBfQTzNXxqM5pPNKEg