T-REX

T-REX
Bí ag Caint

Saturday, December 27, 2014

Sunday, December 14, 2014

Jingle Bells as Gaeilge

Jingle Bells as Gaeilge le Scoil Shóisearach Bhaile na Manach. Jingle Bells as Gaeilge with Monkstown Park Junior School.
Ba mhaith buíochas a gabháil leis an bPríomhoide Mr.Molloy, na tuismitheoirí, Rúnai na Scoile Mrs. Miriam Tuohy agus na múinteoirí go léir.
Rang na Naíonán - Ms. Lindsey Heppenstall
Rang 1 - Mrs. Colette Farrell
Rang 3 - Principal Mr. Duileach Molloy
Rang 4 - Ms. Sandra Allen
Rang 5 - Ms. Alizia Gisler
Rang 6 - Ms. Ailish Brennan

Saturday, November 8, 2014

An We Danced le Macklemore as Gaeilge

'gus damhsa, 'gus gáire, muid le chéile 
Go dtí an deireadh, deireadh. deireadh na hoíche 
Tóg mo lámh 
Beimid sámh 
's cuimhnigh seo go deo nach mbeimid beo arís, arís, arís 
Oh oh oh oh oh oh oh oh 
Anocht, anocht, anocht 
Mar seod í an oíche don spraoi 
Damhsa !! 

Beidh cóisir iontach anocht 
Le Derek dána bocht 
Cnag ar an doras 
'nois tar isteach 
Déan an pocléim 
Beidh sé iontach 
Na bí tuirseach 
Bí dána ná bí gránna 
Craiceáilte dubh, buí, bán 
Is an úrlár paiceáilte lán 
Beir ar mo lámh 
Cas an tiúin 
Níl mé ag iarraidh oíche ciúin 
Fág d'eagla 
Tar amach liom 
Bog do thóin ó bharr go bun 
Má tá tú cróga go leor 
Scaoil amach an paisean 
Swag is paisean. 

gus damhsa, 'gus gáire, muid le chéile 
Go dtí an deireadh,deireadh, deireadh na hoíche 
Tóg mo lámh 
Beimid sámh 
's cuimhnigh seo go deo nach mbeimid beo arís. 

Táim chun, tá mé chun léimt amach anseo leat 
Ag damhsa, ag damhsa, brisfimid na rialacha 
'gus feicim thú sa chúinne, cúinne ag breathnú go maith 
Pocléim 'nois cuir do chos ar dheis do chos ar chlé 
Damhsa go maith 
Is cuma liom, cuma liom 
Sa diabhal cé tá ag breathnú 
Beidh mé beo, beidh me beo 
Scaoil amach an t­ainmhí 
Beidh díoscó iontach againn 
Gach rud togha againn 
Ní bheidh aon duine anseo ag caoineadh 
Gach rud deas 
Bíonn muid ag damhsa go dtí 
Deireadh na hoíche 
Ní bheidh mé mar mhannequin No !! 
Fáil réidh le do ego 
Lasaigí an tine 
I do chroítha is do chosa 
Siúilfimid suas Cruach Phádraig 
In onóir do na hÉireannaigh 
Beidh muid a rá cinnte 
Go bhfuil muid lán de shaoirse 
Rap leis an Rí 
Bígí ag smaoineamh faoi 
An chaoi a screadann sí mar an bhean sí 
Féasta fiáinne go dtí go mbeimid gránnna 
Táimid go léir i ngrá leis an DJ 
Cuir do lámha suas 

gus damhsa, 'gus gáire, muid le chéile 
Go dtí an deireadh, deireadh, deireadh na hoíche 
Tóg mo lámh 
Beimid sámh 
's cuimhnigh seo go deo nach mbeimid beo arís 

Feicim thú ag breathnú orm le súile cúla búla 
Spraoi, raic, cóisir, craic, 
Rí rá ruaille buaille 
An féidir liom do smuidiú a laghdú 
Le mo theanga baolach Gaelach 
Do smuidiú a laghdú 
Beidh sé bao bao bao­lach 

Oh­ee, oh­ee, oh 
Oh­ee, oh­ee, oh 
Eey­oh, Eey­oh 
Eey­oh, Eey­oh 
Uh­ah­ba­bo 
Uh­ah­ba­bo 
Zib­oh­da­we­bab­ba­dap­bop­bo­p 
Zib­oh­da­we­bab­ba­dap­bop­bo­p

Thursday, November 6, 2014

Ar Ska a chéile a mhaireann na daltaí

Skaeilge leis na daltaí i CBC.
 Special Brú le Badmanners.
 Ar #Ska a chéile a mhaireann na daltaí

Thursday, October 16, 2014

Sunday, September 28, 2014

Déan an Dinesár


Déan an dineasár
An oíche úd 60 milliúin bliain ó shin
Chuaigh mé amach ag caitheamh
An culaith nua sin
Bhí an ghrian ag scoilteadh na gcloch
An spéir chomh gorm le loch
Fuair mé carbhat deas
Mo hata orm don teas

Déan déan déan déan an dineasár
Déan déan déan déan an dineasár
Déan déan déan déan an dineasár
Déan déan déan déan an dineasár

Oscail an doras
Ar an úrlár
Gach duine déan an dineasár x8

Bhí mé ag suí ar bhus chuile duine ina dtost
Breathnaigh mé amach an fhuinneog
‘gus chonaic me a phus
Bhí ionadh an domhain orm
Toisc nach raibh a shúile gorm
Bhí an oíche ag duidim linn
Is ní fhaca mé é ó shin


Siúil siúil súil siúil an dineasár
Siúil siúil súil siúil an dineasár
Siúil siúil súil siúil an dineasár
Siúil siúil súil siúil an dineasár

Oscail an doras
Ar an úrlár
Gach duine déan an dineasár x 8

Shroich mé Gaillimh
‘sin chuaigh mé ag snámh
Bhí mé ag smaoineamh fút
Lámh i do lámh
Níor chreid mé mo dhá shúil
Dineasár ar an trá ag siúil
Le spléaclaí ar a cheann
N’fheadar an raibh sé ann ?

Bhí mé ag an dioscó
Chuile duine ina shuí
‘Sin tháinig Rex isteach
Ag seasamh cosúil le Rí
Scread sé amach
Is de bheag nár thit an teach



Déan déan déan déan an dineasár

Oscail an doras
Ar an úrlár
Gach duine dean an dineasár x8









Wednesday, July 2, 2014

 Rang na gCinnirí Cúrsa A - Coláiste Lurgan 
Tháinig Brenda isteach sa rang agus cé a bhí ag fanacht léi ach T-REX !!! 

RTE Radio reporter Brenda Donohue (a Gaelteacht mum herself this year) went to Colaiste Lurgan to meet some of the students and check out all that's involved in this uniquely Irish summer college experience.
Éist leis an seó anseo ://www.rte.ie/radio1/mooney/

Friday, June 27, 2014

Mo Rothar

Is aoibhinn liom a bheith amuigh faoin aer ag rothaíocht.

HoLi Lurgan 2014

OMD. Oh Mo Dhineasár bhí an Holi craiceáilte !!!!

Díosal nó Peitreal


Lár an tsamhraidh a bhí ann. Bhí mé amuigh ag siúil  i gConamara. Bhí an lá go breá. Bhí mé ag seasamh taobh amuigh den gharáiste. Go tobann tháinig carr isteach. Féach céard a tharla !!!

Tuesday, May 27, 2014

Géibheann le Caitlín Maude

Géibheann le Caitlín Maude

Seo léarscáil intinne a chruthaigh mé. Insíonn sé an scéal faoin leon atá i ngéibheann sa Zú.


Seo mé féin ag canadh Purple Haze le Jimmy Hendrix leis an dán Géibheann !!!

Fís beag anseo faoi téama an dáin agus na mothúchain go léir atá istigh sa dan.

Ha !!! Breathnaigh ar seo. Fear ag déanamh aithrise ar an bhfilíocht leis an leon. N'fheadar cé hé an leaid seo. Caithfidh go bhfuil sé craiceáilte !!!!

 Gaeilge Nocht ar Raidió na Life 106.4FM
Seo chugainn T-Rex Ó Saurus leis an gclár spraíúil nua ‘Gaeilge Nocht’. An bhfuil sibh réidh dul taobh amuigh den bhosca, den chiorcal nó fiú den domhan ar thuras fíor-chorraitheach agus dainséireach go dtí an plainéad Gnarl ar Raidió na Life 106.4FM? 

Beidh T-Rex agus a chara Liamo ag déanamh dianscrúdú ar an gcúrsa Gaeilge Ardteistiméireachta ar an gclár agus beidh siad ag tabhairt treorach agus cabhrach daoibh teip, pas – nó fiú onóir – a fháil sa Ghaeilge. Beidh filíocht agus prós na hArdteistiméireachta á bplé chomh maith leis an scrúdú cainte, scéalta, ríomhphoist agus go leor eile atá ar an gcúrsa. Tagaigí ar bord linn agus rachaimid chuig an bplainéad GnarL agus tar éis aistear fada chuig an bplainéad sin tá súil againn go mbeidh sibh oillte scrúdú na hArdteistiméireachta a dhéanamh le muinín. Agus cuimhnígí, is maith é an ceann scríbe ach is fearr ná san an t-aistear! 

San eagrán seo, Géibheann, Sraith Pictiúr 1 agus go leor eile.

http://www.mixcloud.com/raidionalife/nocht-ar-an-raidio-clar-1/



Monday, May 26, 2014

Colscaradh le Pádraig McSuibhne

Colscaradh le Pádraig MacSuibhne
Ceapaim féin go mbeidh an dán seo ar an bpáipéar i mbliana(G.L)
Is aoibhinn liom Gun and Roses.agus mar sin chan mé an t-amhrán Don't you Cry leis an dán Colscaradh. 
Can amach liom !!!!!


T-REX Ó Saurus: Oisín i dTír na nÓg

T-REX Ó Saurus: Oisín i dTír na nÓg: Seans an mhaith go mbeidh an scéal seo ar an Ardteist i mbliana. Seo rap a scríobh mé faoi Oisín i dTír na nÓg agus céard a tharla dó. O...

Oisín i dTír na nÓg

Seans an mhaith go mbeidh an scéal seo ar an Ardteist i mbliana. Seo rap a scríobh mé faoi Oisín i dTír na nÓg agus céard a tharla dó.

Oisín i dTír na n-Óg

Ar chapall bán 
Tháinig sí i dtír 
Coróin ar a ceann
Bhí sin fíor

Bean fíor álainn
Niamh Chinn Óir
Chuir sí faoi gheasa é
Oisín a stór

Is tú mo rogha
Thar mhná an domhain
Go Tír na nÓg
Chuaigh sé le fonn

Ard láidir cróga
Ag troid gan stró
Cé a bhí i ngéibheann 
Ach Iníon Rí Beo

Phós siad a chéile 
Le grá is cion
Triúr pháiste acu
Oscar Plúr na mBan is Fionn

Bheartaigh Oisín filleadh
Ar Éirinn arís
Folús ina chroí
A athair Fionn mar fhís

I nGleann na Smól
Trí chéad fear
A fhios ag Oisín 
Go raibh rud éigean cearr

Fionn 's na Fianna
Ní raibh siad beo
Oisín an-bhrónach
Iad caillte go deo

Cúrfá
Oisín bocht i dTír na nÓg
Niamh Chinn Óir gan a stór
Oisín bocht i dTír na nÓg
Niamh Chinn Óir gan a stór

Luigh sé anonn
Ar a chliathán deas
D'ardaigh sé an leac
Le cumhacht is meas

Shleamhnaigh Oisín bocht
Thit sé de gheit
Sean is dall
Ní raibh seans aige

Ag siúl le Naomh Pádraig
Go deireadh an lae
Ag éisteacht go cruinn
Le soiscéal Dé

A chroí briste
Pian ina chliabh
Ní fhaca sé arís í 
A ghrá gheal Niamh

I dTír na nÓg
Muid le chéile arís
I dTír na nÓg
Bheinn ar bís

Niamh óg álainn
Le gruaig bhuí
Thabharfainn gach rud di
Mo ghrá is mo chroí
Seo fís a rinne mé leis na leaids sa rang.. Is maith liom an fís seo agus tá an ceol an chumhachtach ar fad. Breathnaigh ar. 

An Gnáthrud le Déirdre Ní Ghrianna

An Gnáthrud le Déirdre Ní Ghrianna

Ceapaim go mbeidh an scéal seo ar an Ardteist i mbliana (Gnathleibhéal). Seo léarscail intinne a rinne mé sa 
rang. Tá súil agam go dtabharfaidh sé cabhair duit. 
Ar chuala sibh mo rap?
Seo fís eile a rinne mé. Is scéal an-bhrónach é caithfidh mé a rá.

Déan an Rexy Rac

https://www.youtube.com/watch?v=4meETSigy9o&list=UUrxyJSBfQTzNXxqM5pPNKEg